Turas dtí'n Caisleán - Scoil Gharbháin

Go to content

Main menu:

Turas dtí'n Caisleán

Gníomhachtaí - Activities


Rang 6 ar Cuairt i nDúngarbhán

Bhain Rang 6 ana thaitneamh go deo as an turas a thugadar ar an mbaile mór i dteannta le Múinteoir Jen le deanaí. I dtosach is an iarsmalann a bhí a dtriall. Chuireadar ana shuim sna huirlisí a bhí ag na lochlannaigh. Ina dhiaidh san thug garraiodóirí na todhchaí le na méaranna glasa cuairt ar ghairdín an tannery. Labhair Mike an garraíodóir agus  úinéir an bhialann  Marie Flynn leo  agus chuireadar comhairle orthu maidir le glasraí a fhás.  Ár mbuíochas leo araon. Cuireadh deireadh leis an gcuairt le turas ar an gCaisléan Normannach agus ghluaiseadar trí na haoiseanna le cabhair iontach ó Mháire de Paor a labhair leo le linn an chuairt. Míle buíochas a Mháire. Tá siad ag tnúth go mór cheana féin le cuairt a thabhairt ar áit stairiúil eile sa chontae. Maith sibh Rang 6 agus Múinteoir Jen.

 


Rang 6 visit Dungarvan

Rang 6 thoroughly enjoyed their visit to the town recently accompanied by Múinteoir Jen. Their first port of call was Dungarvan's Museum where the utensils used by the Vikings captured their interest. Following on, our future gardeners with their green fingers visited The Tannery's vegetable garden. Mike the gardener and proprietor Marie Flynn advised the pupils on how to successfully grow and maintain the vegetable garden. A big thank you to Mike and Marie. The journey was completed by a visit to our local Norman Castle where the children travelled through the ages with the help of Máire de Paor their tour guide. Máire's vast knowledge was greatly appreciated by the children. Well done to rang 6 and Múinteoir Jen.

 
 
Back to content | Back to main menu