Stair (History) - Scoil Gharbháin

Go to content

Main menu:

Stair (History)


1982 bliain thionscanta Scoil Gharbháin, mar sin tá sí cúig bhliana is fiche ag freastail ar dhaoine gur rogha leo Gaeilge mar ghnáth theangain scoile dá bpáistí.

Ní iarracht gan dua a bhí i mbunú na Scoile seo agus cé go raibh duine nó beirt as Rinn ó gCuanach páirteach sa bhfiontar ba iad Muintir Dhúngarbháin féin ba dhíograsaí i mbun na hoibre agus aisteach go leor níor dhaoine iad a raibh aon mhór-Thrácht orthú i ngluaiseacht na Gaeilge ach gnáth dhaoine go raibh an mórtas cine ina gcroí istigh.

Sa sean scoil aon tseomra a togadh sa mbliain 1847 le hais reilg Eaglais na hÉireann a thosnaig an scoil.  Ba é Deághan an Leasa Mhóir, an tUarramach Mayse a thug dúinn a bheith istigh ann agus ba é a bhí fáilteach, fial linn.

Is mó póirse agus prochlais ar lonnaíomar ann d'réir mar a bhí an Scoil ag fás agus is mo tiartháil a d'fhulaing na tuismitheoirí ag iompur troscán agus earnáil na scoile ó áit go chéile sular togadh an Scoil nua i 1994.

Ba iad na hAibhistínigh a thug láthair na Scoile nua dúinn agus bhíodar i gconaí fial faoi úsáid an tséipéil, hallaí agus faichí imeartha na meanscoile.  Bhíodh Aibhistínigh ar an mBord Bainistíochta ó am go ham agus  le roinnt blianta anuas is é an tAthair Seán de Paor, Aibhistíneach de bhunadh Dhúngarbháin, Séiplíneach na Scoile agus é fé mór-mheas ag óg is aosta inár measc.

Cuireadh breis seomraí leis an scoil sa mbliain 1996 agus fé lathair tá foirgneamh nua a thogáint don Naíonra.

Tá an Scoil fé ghadam anois agus breis is le dhá chéad scoláire ag freastail uirthi.  Mar sin is tráthúil go ndeanfaimís díogras agus dílseacht na dtuismitheoirí i bhforbairt na Scoile, mar aon leis na Múinteoirí a thraoslú leo, agus fós ár mbuíochas a ghabháil leo siúd a fhreastail ar an mBord Bainistíochta anuas tré sna blianta, ach caithfear an chraobh a thabhairt don ocht gclann go raibh sé de mhisneach acu a bpáistí a chur ar Scoil Gharbháin cúig bhliana is fiche ó shin, mar ba ochtar a bhí ar an rolla sa mbliain tosaigh fé'n Múinteoir Siobhán Ághas ó Chiarraí.

Tá ar a laighead Gaelscoil amháin i ngacht Conntae in Éireann anois agus na meanscoileann ag dul i líonmhaire chomh maith, agus is mór an chúis mórtais dúinn go n-áirítrear Gluaiseacht na nGaelscol i gcomhthábhacht leis an gCumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltoir, ar na gluaiseachtaí is mó go bhfuilimíd ag brath orthú chun saíocht agus aitheantas chlanna Gael a chaomhnú agus a bhuanú ins na saolta amach romhainn.


Ailbhe Ní Neachtain
Cathaoirleach an Bhoird



Scoil Gharbháin was founded in 1982 by a group of parents who wanted to give their children the opportunity to receive an education through the medium of Irish. We were very proud to celebrate 25 years of the school in 2007.

We have reached many milestones in that time. Our greatest achievement being that our pupils are now educated in a permanent building. The school began with 6 pupils; we now cater for 208 pupils.

The school was originally housed in rented dwellings in the town of Dungarvan and the school derives its name from the saint associated with the town St. Garvan.

The Augustinians thankfully sold us some land adjoining their secondary school and we opened the doors of our new school, located in Abbeyside, in 1993.


 
Back to content | Back to main menu