Meán Fómhair '13 - Scoil Gharbháin

Go to content

Main menu:

Meán Fómhair '13

Nuacht '13/'14


Comhghairdeachas

Tháinig captaen de fhoireann mhionúir Phort Láirge, Caoimhín Ó Dálaigh, agus baill eile den bhfoireann, Criostóir Breathnach, Patrick Curran agus Gavin Power ar cuairt go dtí Scoil Gharbháin an tseachtain seo caite leis an corn The Irish Press Cup. Toisc gur iar scoláire linne é Caoimhín, ba ócáid an-speisialta é seo do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus go háirithe do scoláirí Scoil Gharbháin.

Mhol Príomhoide na scoile, Silvia Uí Sheanlaoich, chomh díograiseach is a bhí Caoimhín agus baill eile den bhfoireann. Ghabh sí buíochas leis na himreoirí toisc gur fhilleadar ar an scoil chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí na scoile. Dúirt Caoimhín go raibh sé an-bhuíoch as an dtacaíocht a thug na múinteoirí dó agus é inár measc, agus go raibh súil aige go n-éireodh le foireann sinsir Phort Láirge corn Liam Mac Cárthaigh a bhuachaint gan mhoill sna blianta atá romhainn..Port Láirge Abú!


 
 
Back to content | Back to main menu