Eanair '12 - Scoil Gharbháin

Go to content

Main menu:

Eanair '12

Cartlann Archive > Nuacht 11/12

Seachtain na Scoileanna Caitlicí & Lá Speisialta dos na Sean Tuismitheoiri;
Lá le Bríd agus  Lá Speisialta dos na Sean Tuismitheoirí

Bhí na páisti sa Naíonra, i Naíonáin Bheaga agus i Naíonáin Mhóra ana bhródúil nuair a bhronn siad balúin ar a sean thuistí chun an lá speisialta seo a chéiliúradh. D'éirigh leis na páistí an lámh in uachtar a fháil ar an ngréas do Chrosanna Bhríde agus chuadar go léir abhaile ana shásta leo féin agus cros Bhríde faoina n-ascaill.



Catholic Schools' Week & Grandparents' Day
St. Brigid's Day and Grandparents' Day


All the children in the Naíonra, in Naíonáin Bheaga and in Naíonáin Mhóra were very proud to present their Grandparents with a helium balloon to mark this celebration. The pupils were delighted when they finally grasped the unique design of the St.Brigid's cross.



Lá gan Éadaí Scoile

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabhailt libh go léir as a bheith fíor flaithiúil i bhúr gcuid tacaíochta do chlainn na n-iascairí a cailleadh in Iarthar Chorcaí le deanaí. Ar Dheis Dé go rabhadar.

Non Uniform Day

We thank you all for your overwhelming generosity in supporting the families of those whose lives were tragically lost at sea recently in West Cork. Ar Dheis Dé go rabhadar.


Ócáid Stairiúil: Maratón i bPortláirge don chéad uair riamh.

Historic occasion : Waterford Marathon for the first time ever.


An bhfuil suim agat i siúl nó rith? An ndóigh leat taréis roinnt traenála go mbeifeá in ann 5 míle a shiúil nó a rith? An mbeadh suim agat a bheith páirteach mar chuid d'fhoireann i rás sealaíochta i Maratón Phortláirge? An bhfuil tú saor ar an Satharn an 30ú lá Meitheamh? 22 seachtain agus 2 lá fágtha. Bhuel más iad freagraí dearfacha a bhí agat do na ceisteanna thuas luaite, bí linn ar an Satharn 30ú lá Meitheamh i bPortláirge. Is do sheans atá ann chun páirt a ghlacadh i gceann de ócáidí móra an tsamhraidh. Más suim leat páirt a ghlacadh cuir glaoch ar Scoil Gharbháin ar (058) 42173

Do you enjoy walking or running? Do you possibly think that after some training you would be able to walk or run 5 miles as part of a relay team from Scoil Gharbháin? Would you be interested in taking part in a relay race that would complete the Waterford City Marathon? Are you free on Saturday the 30th of June? 22 weeks and 2 days to go. Well, if you answered yes to all the above questions, join us on Saturday the 30th of June in Waterford. This is your opportunity to partake in one of the major sporting events of the summer. If this event is for you. Please contact Scoil Gharbháin at (058) 42173


Siúlóirí : Bímís sláintiúil -Tá Audrey Hallahan tuismitheoir de chuid na scoile ana shásta clár ama 20 seachtain traenála a thairiscint  gach Céadaoin ó 7-8 i.n. Siúlóirí go bhfuil suim acu a gcuid traenála a fhorbhairt in aghaidh na seachtaine agus as san go mbeidís ábalta ar deireadh 8 míle a shiúl gan stró ag deireadh an 20 seachtain. Tosnófar le míle an chéad tseachtain agus diaidh ar ndiaidh beimíd ag feabhsú in aghaidh na seachtaine. Traenáil ar an gCéadaoin. Beimíd ag teacht le chéile lasmuigh de gheatai na scoile ag 6:50i.n. le tosnú ag 7 ar an bpointe. Bróga reatha nó bróga compordacha riachtanach. Má tá suim agat sa seisiún traenála -gach eolas le fáil ag (058) 42173

Walkers: Get Fit -Audrey Hallahan a parent here in Scoil Gharbháin is more than happy to offer a 20 week training schedule every Wednesday from 7-8 p.m. to walkers who wish to build up their training to reach approx 8 miles of a walk over these 20 weeks. It will start at one mile and gradually work upwards over the weeks. Training every Wednesday. Meeting at the school gate at 6:50p.m. for a 7 o'clock start. Comfortable shoes are a must. If this training schedule is for you please contact us in Scoil Gharbháin on (058) 42173


 
Back to content | Back to main menu